Imeachtaí ar na bacáin
Bealtaine: siúlóid le Gaelainn ón Elm Tree go hOileán Harpur agus ar ais.
Fómhar 2023 / Earrach 2024: cúrsa oíche do dhaoine fásta go bhfuil fonn orthu filleadh ar an nGaelainn; cúrsa oíche do ghlantosnaitheoirí (.i., iad siúd nach bhfuil aon Ghaelainn acu).
Crochfar sonraí i dtaobh na n-imeachtaí seo ar leathanach Facebook na craoibhe: https://www.facebook.com/profile.php?id=61553739283678 .
Márta, 2024
Biongó Teaghlach do Sheachtain na Gaeilge, 14/3/24
Reachtáil an chraobh biongó do theaghlaigh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. D'éirigh go hiontach leis an óiche agus ba mhaith leis an gcraobh baochas a ghabháil le Mary Geary's Childcare as ionad a chur ar fáil saor in aisce.
Deireadh Fómhair, 2023
Craobh Charraig Thuathail de Chonradh na Gaeilge bunaithe, 24/10/23
Bunaíodh an chraobh ag cruinniú ar an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 2023, agus seo an coiste reatha:
Cathaoirleach - Tony Ó Floinn;
Rúnaí - Caitríona Ní Éigeartaigh;
Cisteoir - Diarmaid Ó Conaill;
Oifigeach Caidrimh Poiblí - Sinéad Uí Fhlannabhra;
Baill - Micheál Ó Cuimín, Síle Ní Dhiollúin.
Más mian leat eolas a fháil i dtaobh gníomhaíochtaí, ranganna, agus ócáidí sóisialta bainteach leis an nGaelainn i gCarraig Thuathail nó dul i dteangmháil leis an gcraobh, níl le deanamh ach ríomhphost a chur chuig [email protected] nó [email protected] .
Lúnasa, 2023
Craobh de Chonradh na Gaeilge á bunú i gCarraig Thuathail, Fómhar 2023
Má tá fonn ort eolas rialta a fháil i dtaobh gníomhaíochtaí, ranganna, agus ócáidí sóisialta bainteach leis an nGaelainn i gCarraig Thuathail, níl le deanamh ach ríomhphost a chur chuig [email protected] agus coimeádfar ar an eolas tú.
Má tá tú toilteanach páirt a ghlacadh in eagrú na craoibhe nó cabhrú le hobair na craoibhe ó uair go chéile, níl le déanamh ach ríomhphost a chur chuig [email protected] chun an t-eolas go léir a fháil.