Is ball foirne mé de Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Campas Phádraig, Durlas Éile agus cuirim an-spéis sna réimsí seo a leanas: saothrú na Gaelainne sa tréimhse 1700-1850; lámhscríbhinní agus cultúr Gaelach na nDéise; Gaelainn Oirthear Chorcaí; an Ghaelainn, an Gháidhlig agus lucht a labhartha i Meiriceá Thuaidh. Is iad na sainréimsí taighde agam fé láthair ná saol is saothar Dháibhí de Barra is Phádraig Phiarais Cúndún.